Bricfeasta na déithe. An bhfuil bia ar bith níos fearr? Níl. Níos follaine? Ní shilimse.
Seo fraocháin i mbrachán déanta le plúr eorna.
Bheireann plúr eorna brachán mín, níos míne ná aon brachán eile.
Chun an brachán seo a dhéanamh, beidh na rudaí seo de dheol ort:
400 ml uisce
150 ml plúir eorna
gráinnín salainn
200 ml fraochán
mil, banana, bainne
Goill an uisce agus buail isteach an plúr eorna go mall. Lig dó goill ar feadh cúpla bomaite. Cuir isteach na fraocháin agus measc iad go bríomhar. Lig dó goill ar feadh tamaill beag eile go dtí go bhfuil an brachán corcra.
Tá sé galánta le mil, banana agus bainne.

Kommentarer
Skicka en kommentar