Torc fiáin

Ainmhí fíor-Ghaelach é an torc fiáin. Bhí mórán acu in Éirinn sa Mheánaois agus roimhe sin; chaill Diarmaid (ón scéal Toraíocht Dhiarmada agus Ghráinne) a shaol nuair a bhí sé ag fiach torc fiáin.



Tá aithne agam ar sealgaire a mbíonn ag fiach torc fiáin. Thug sí dhá píosaí móra d'fheoil chugam cúpla mhí ó shin agus rinne mé é seo an tseachtain seo caite.



Níl a fhios agam cén píosa den anmhí atá ann, ach bhí sé galánta a ithe nuair a bhí sé réidh. Thog mé an fheoil as an reoiteoir cúpla uaire sular thosaigh mé a chocaireacht, agus chuir mé é in uisce chun é a leaigh. Bhí sé giota beag reoite go fóill nuair a chur mé sa phota é.

D'fhríoch mé é i gcúpla spúnóg tábla d'ola olóige agus ansin chuir mé isteach cairéad, oinniún, cúig gclóibh de ghairleóg, píosa tornapa agus marós, sméara aitil, bá duille, salann agus piobar. Chuir mé timpeall 150 ml fíon dearg agus leathghloinne uisce sa phota chomh maith.



Chuir mé isteach san oigheann é agus d'fhag ansin é ar feadh trí uair a'chloig ag 125°. Nuair a bhí uair amháin fagtha, chuir mé isteach roinnt prataí úra le ola olóige, salann, gairleog agus marós.



Bhí sé an-bhlasta ar fad.

Kommentarer